Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Date | Title & Description | Contributors |
---|---|---|
2024-05-14 | Ar an gclár seo bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoin agóid a bhí ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, é féin ina measc, ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna atá ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Labhraíomar freisin faoi na Tog... |
|
2024-05-07 | Ar an gclár seo bhí Hannah Mac Dermott ag labhairt linn ón ngrúpa Irish Bloc Beirlín faoin gcosc a cuireadh orthu Gaeilge a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne i gcathair na Gearmáine, cad atá tar éis titim amach don ghrúpa ó shin agus na himpleacht... |
|
2024-04-30 | Ar an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dtur... |
|
2024-04-23 | Ar an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe l... |
|
2024-04-16 | AAr an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín. |
|
2024-04-09 | Ar an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a re... |
|
2024-03-12 | Ar an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoin... |
|
2024-03-05 | Ar an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhathúna ón Little Ireland Arts Collective san Albain ag labhairt linn faoin imeachtaí Sheachtain na Gaeilge san Albain! Chomh maith leis sin chualamar cuid de cheol cara le Deirdre, Máire McCarthy an ghrúpa. |
|
2024-02-27 | Ar an gclár seo bhí Pádraig Mac Brádaigh ó Choláiste na Tríonóide ag labhairt linn faoina feachtasaíochta don chéad ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn san ollscoil agus faoi Éigse na Tríonóide le gairid. Chomh maith leis sin bh... |
|
2024-02-20 | Ar an gclár seo bhí Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag labhairt linn faoina turas chuig na Stáit Aontaithe le gairid, ag labhairt le mic léinn Ollscoil Harvard faoi Chonradh na Gaeilge agus a chuid feachtas; Ardfheis Chonradh na Gaeilge ag... |
|