An tImeall – Technology.ie News& Views on Gadgets& Tech   /     CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG

Description

Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog. Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. […]CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

Summary

Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog. Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.  Faoi láthair tá comhchraoladh ar siúl ar bhonn trialach ina gcraoltar uair a chloig ón gcairtstáisiún ar sheirbhís náisiúnta RTÉ Raidio na Gaeltachta ar 92–94 MHz FM, ó 9-10pm, Máirt go hAoine. Bíonn an clár sin, Rí-Rá ar RnaG, á chur i láthair ag Cillian de Búrca agus Síne Nic an Ailí, agus labhair Síne linn ar phodchraoladh an lae inniu (12:16; 7MB; MP3). Maidir leis an albam Ceol #10 le Raidió Rí-Rá, is comhthogra idir Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) é albam ar leith na bliana seo, ag tógáil ar thraidisiún Sheachtain na Gaeilge ó 2005 chun albam de cheol reatha as Gaeilge a eisiúint mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge gach bliain. Tá 14 amhrán as Gaeilge ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá agus seinnfear gach ceann acu ar an gclár speisialta de Rí-Rá Ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 9.00 – 10.00in anocht. Áirítear leaganacha Gaeilge de chuid de na singlí nua-eisithe ag Seo Linn, The Shoos, Senakah agus buaiteoirí an chomórtais BEO Ireland Apollo Six ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá, mar aon leis na hamhráin is mó tóir orthu ó na halbaim Ceol agus Rí-Rá roimhe seo ó cheoltóirí móra Éireannacha ar nós The Coronas, The Riptide Movement, Republic of Loose, Bell X1, Delorentos, Kíla, Heathers, Ham Sandwich, Traic agus The Swell Season le leagan Gaeilge den amhrán a bhain Oscar sa bhliain 2008, Falling Slowly. Is féidir cóip den albam Ceol #10 Le Raidió Rí–Rá a ordú ón gcairtstáisiún in aisce ach sonraí teagmhála a sheoladh chuig eolas@rrr.ie. Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me. Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.       Related articles Seo Chugainn na Fearainn Bharrleibhéil Nua! Trash TV Versus Irish TV Will the Internet Save the Irish language? Ar Scáth a Chéile: A Community Rallies for Pádraig CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News& Views on Gadgets& Tech - A Podcast about technology CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News& Views on Gadgets& Tech - A Podcast about technology

Subtitle
Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog. Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóra[...]
Duration
0:12:16
Publishing date
2014-07-16 14:15
Link
http://feedproxy.google.com/~r/imeall/~3/OM0gnByPrbY/
Contributors
  donotreply@technology.ie
author  
Enclosures
http://feedproxy.google.com/~r/imeall/~5/6T-dy3dylLY/imeall-2014-07-16.mp3
audio/mpeg

Shownotes

Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog.

Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.  Faoi láthair tá comhchraoladh ar siúl ar bhonn trialach ina gcraoltar uair a chloig ón gcairtstáisiún ar sheirbhís náisiúnta RTÉ Raidio na Gaeltachta ar 92–94 MHz FM, ó 9-10pm, Máirt go hAoine.

Bíonn an clár sin, Rí-Rá ar RnaG, á chur i láthair ag Cillian de Búrca agus Síne Nic an Ailí, agus labhair Síne linn ar phodchraoladh an lae inniu (12:16; 7MB; MP3).

Maidir leis an albam Ceol #10 le Raidió Rí-Rá, is comhthogra idir Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) é albam ar leith na bliana seo, ag tógáil ar thraidisiún Sheachtain na Gaeilge ó 2005 chun albam de cheol reatha as Gaeilge a eisiúint mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge gach bliain.

Tá 14 amhrán as Gaeilge ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá agus seinnfear gach ceann acu ar an gclár speisialta de Rí-Rá Ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 9.00 – 10.00in anocht. Áirítear leaganacha Gaeilge de chuid de na singlí nua-eisithe ag Seo Linn, The Shoos, Senakah agus buaiteoirí an chomórtais BEO Ireland Apollo Six ar an albam Ceol #10 Le Raidió Rí-Rá, mar aon leis na hamhráin is mó tóir orthu ó na halbaim Ceol agus Rí-Rá roimhe seo ó cheoltóirí móra Éireannacha ar nós The Coronas, The Riptide Movement, Republic of Loose, Bell X1, Delorentos, Kíla, Heathers, Ham Sandwich, Traic agus The Swell Season le leagan Gaeilge den amhrán a bhain Oscar sa bhliain 2008, Falling Slowly.

Is féidir cóip den albam Ceol #10 Le Raidió  a ordú ón gcairtstáisiún in aisce ach sonraí teagmhála a sheoladh chuig eolas@rrr.ie.

Podchraoladh i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí maithe ar ainmneacha fearainn ar fáil ag an suíomh domainoffers.me.

Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.

 

 

 

Related articles

CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology